Podcast Episode Details

Back to Podcast Episodes
10 Nollaig 2022 (Ciarraí)

10 Nollaig 2022 (Ciarraí)


Episode 124


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an peileadóir a scóráil an báire a thug chun cinn iad. Bhí ríméad an domhain ar an lucht féachana go háirithe ag baile le daoine ag ceiliúradh amuigh sa chathair Rabat leis an Rí fein ina measc. Tá na cluichí ceathrú ceannais ar siúl an deireadh seachtaine seo. D'imir an Chróit i gcoinne na Brasaíle agus an Ísiltír i gcoinne na hAirgintíne inné agus an dá chluiche eile ar siúl inniu: Maracó i gcoinne na Portaingéile agus Sasana i gcoinne na Fraince.

Tá sé dearbhaithe ag an HSE gur cailleadh leanbh óg ceithre bliana as an ionfhabhtú baictéarach Streip, cúpla lá tar éis bháis linbh óig i mBéal Feirste. Tá na siomptóim cosúil leis an bhfiabhras dearg le gríos, scornach thinn, fiabhras, agus teanga ata. Deimhníodh cúig chás is caoga den ghalar i mbliana in Éirinn. Dúirt an Dochtúir O'Moore, stiúrthóir leis an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, go bhfuil na baictéir seo an-choitianta agus dé ghnáth bíonn sé éadrom le galrú cosúil le céislínteas agus an fiabhras dearg. Ach bíonn sé contúirteach nuair a bhíonn sé ionrach ag dul isteach sna scamhóga agus sa sruth fola; sa gcás sin bíonn sé tromchúiseach. Deir sé leis gur cheart a bheith ag faire amach i gcomhair na siomptóm: scornach thinn, fiabhras, fuacht a bheith ort agus pianta sna matáin.

Beidh srianta sealadacha ar aerspás na hÉireann an mhí seo toisc go mbeidh Virgin ag lainseáil satailíte ón spásphort atá lonnaithe in aerfort i gCorn na Breataine. Eitleán 747 a bheidh ag fágaint an aerfoirt ag tabhairt roicéid faoi na sciatháin. Nuair a shroichfidh sé an spás, scaoilfear leis an roicéad. Tarlóidh sé sin ar muir os cionn Limistéar Eisiach Eacnamaíochta na hÉireann a thagann faoi Údarás Eitlíochta na hÉireann. Is iad an IAA a bheidh ag cur srian dhá uair a chloig ar an aerspás.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

báire - goal

ionfhabhtú baictéarach - bacterial infection

an fiabhras dearg - scarlet fever

céislínteas - tonsilitis

Limistéar Eisiach Eacnamaíochta - Exclusive Economic Zone

Údarás Eitlíochta na hÉireann - Irish Aviation Authority


Published on 2 years ago






If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.

Donate