Episode 123
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50% le deich mbliana anuas. Den chéad uair tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24. Dar leis an Ollamh Murray, níl sé go hiomlán soiléir go fóill cé mar a chuaigh an phaindéim Covid-19 i gcion ar chúrsaí ailse. Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe.
Thángthas le deanaí ar an chéad druga chun scrios na hinchinne mar gheall ar Alzeimhers a mhoilliú. I ndiaidh blianta teipe, léiríonn an taighde úr seo gur féidir drugaí mar seo cóireáil a dhéanamh ar Alzheimers, rud nár síleadh go dtí seo. Dúirt Alzheimer's Research UK go raibh na torthaí "mór" agus "stairiúil". Ach níl ach éifeacht bheag ag an leigheas agus tá plé go fóill ar a thionchar ar shaol laethúil daoine. Dúirt an tOllamh John Hardy, duine de na príomhthaighdeoirí ar domhan atá taobh thiar den smaoineamh iomlán maidir le díriú ar an druga 30 bliain ó shin, go raibh sé dóchasach go bhfuil "tús le teiripí Alzheimer á fheiceáil againn". Dúirt an tOllamh Tara Spiers-Jones, ó Ollscoil Dhún Éideann, go raibh na torthaí “mór mar go bhfuil ráta teipe 100% againn le fada an lá”. Faoi láthair, tugtar drugaí eile do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu chun a gcuid comharthaí a bhainistiú, ach ní athraíonn aon cheann acu cúrsa an ghalair.
Tá Cathaoirleach agus baill nua ceaptha ar choiste TG4. Tagann na hathruithe seo ó chinneadh bhord an stáisiúin brú a chur ar an Rialtas cur le stádas na meán Gaeilge. Fógraíodh inné go raibh cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord TG4. Thug an Rialtas a mbeannacht inné do cheapachán Uí Ghallachair agus triúr eile ar bhord an stáisiúin – Seán Ó Cuirreáin, an t-iarchoimisinéir teanga, Róisín Ní Ráighne, stiúrthóir bainistíochta ag Dynamo Brand agus Aedín O'Leary, comhairleoir agus saineolaí airgeadais. Agus fáilte á cur aige roimh na ceapacháin, dúirt ceannasaí TG4 Alan Esslemont go raibh “athrú mór meoin ag teastáil sa stát seo maidir leis na meáin Ghaeilge”. Tiocfaidh Anna Ní Ghallachair i gcomharbacht ar Shiún Uí Raghallaigh mar chathaoirleach ar bhord TG4. Ceapadh Siún Ní Raghallaigh ina cathaoirleach ar Údarás RTÉ inné. Athcheapadh triúr eile ar bhord TG4 inné do thréimhse ceithre bliana eile – Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, agus Darach Ó Tuairisg, Fíbín.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ailse ionrach - invasive cancer
an Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn - the National Cancer Registry Ireland
ráta teipe - failure rate
comharthaí - symptoms
ceapachán - appointment
comharbacht - succession
Published on 2 years ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate