Episode 119
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol mhór nach mbeidh Bolsanaro sásta glacadh leis an toradh seo agus go ndéanfaidh sé iarracht an post mar uachtarán a choinneáil. D’iarr Lula ar mhuintir na Brasaíle teacht le chéile go síochánta i bhfianaise thoradh an toghcháin. Is beag foréigean le feiceail go fóill ach tá teannas ag méadú in áiteanna sa tír. Chuir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula ar son mhuintir na tíre.
Leanann fadbhanna polaitiúla an Tuiscirt ar aghaidh leis an Tionól dunta agus na hairí as a bpost. Bhí go dtí meán oíche Déardaoin seo caite ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh réiteach a aimsiú agus Stormont a bhunú arís. De réir an dlí tá sé de dhualgas ar an Státrúnaí toghchán a eagrú agus vótáil a rith taobh istigh de thrí mhí. Theip ar an Státrúnaí dáta an toghcháin a fhógairt agus buailfidh sé leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos deireanaí sa tseachtain.
Tá milliún pas Éireannach eisithe go dtí seo i mbliana. Ní dhearnadh ach 634,000 pas anuraidh san iomlán, líon réasúnta íseal i gcomórtas le 935,000 pas in 2019 roimh an phaindéim. I ndiaidh deireadh le srianta Covid bhí méadú suntasach ar an líon daoine ag lorg pas nua, de réir na Ranna Gnóthaí Eachtracha. Tá sé tugtha le fios ag Oifig na bPasanna go bhfuil nios mo foirne tugtha isteach chun freastal ar an éileamh seo.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
an eite chlé - the left wing
teannas - tension
Státrúnaí - Secretary of State
Aire Gnóthaí Eachtracha - Foreign Affairs Minister
méadú suntasach - significant increase
éileamh - demand
Published on 2 years, 1 month ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate