Episode 118
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agus de réir sin tá sé ina Phríomh-Aire go huathoibríoch. Chaill Sunak an rás ceannaireachta deireanach in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair, nuair a bhí baill an Pháirtí Choimeádaigh ar fud na Breataine ag vótáil. Tá ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Dhaonlathaigh Liobrálaigh ag lorg olltoghcháin go luath, ach ní chaithfidh na Tóraithe olltoghchán a fhógairt go ceann dhá bhliain eile.
Bhuaidh Éire cluiche ‘stairiúil’ in aghaidh Sasana sa chruicéad ag an gCorn Domhanda T20 in Melbourne. D’imir siad tríd an mbáisteach chun bua cúig rith a bhaint amach. Bhuaigh foireann na hÉireann in aghaidh na nIndiacha Thiar an tseachtain seo caite chun áit a fháil sa dara babhta den Chorn Domhanda T20 den chéad uair ó bhí 2009 ann. Beidh an fhoireann Éireannach ag imirt in aghaidh na hAfganastáine ina gcéad chluiche eile, agus iad ag iarraidh áit a fháil sa bhabhta leathcheannais.
D’aontaigh comh-aireacht Rialtas na hÉireann reachtaíocht imlíneach a cheadóidh uaireanta oscailte níos faide do thithe tabhairne agus do chlubanna oíche. Faoin reachtaíocht nua beidh cead ag tithe tabhairne a bheith ar oscailt idir leathuair tar éis a deich ar maidin agus leathuair tar éís meán óiche, seacht lá sa tseachtain. Beidh clubanna in ann fanacht ar oscailt go dtí a sé a chlog ar maidin. Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin go gcruthóidh an rogha geilleagar na hóiche níos fearr. Ceaptar go mbeidh na hathruithe curtha in áit an bhliain seo chugainn má cheadaítear an reachtaíocht san Oireachtas.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Feisirí Westminster - Westminster MPs
rás ceannaireachta - leadership race
cúig rith - five runs
in aghaidh na nIndiacha Thiar - against the West Indies
reachtaíocht imlíneach - outline legislation
geilleagar na hóiche - night-time economy
Published on 2 years, 2 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate