Episode 111
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn i 2011, thosaigh sí a hóráid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath as Gaeilge.
Tá príomh-aire nua ag an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo chomh maith. Tar éis breis agus dhá mhí, tá an toghchán i measc bhallraíocht an Pháirtí Choimeádaigh agus Aontachtaigh thart, agus tá Liz Truss tofa acu mar cheannaire an pháirtí agus ar an mbonn sin tá sí ina príomh-aire anois. Tá an ruaig curtha aici ar thacaitheoirí Rishi Sunak as an gcomh-aireacht. Tar éis dhá mhí gan ghníomh ar an ngéarchéim fuinnimh, thug an rialtas faoi lena gcéad phlean chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sa gheimhreadh atá romhainn.
San uaigh Liang Tebo i mBoirneo, tá an fhianaise is sine de mháinliacht aimsithe ag seandálaithe, i bhfad níos sine ná aon cheann eile atá aimsithe go dtí seo. Tháinig siad ar chnámharlach a bhfuil teascadh déanta ar an gcos chlé faoin nglúin, atá tríocha a haon míle bliain d’aois. Rinneadh an teascadh le huirlisí agus sceana cloiche, tháinig biseach ar an duine ina dhiadh, agus do mhair siad ar feadh roinnt blianta eile. Léiríonn an cnámharlach seo go raibh fios domhain sa leighis agus san anatamaíocht dhaonna ag daoine ársa fadó fadó, i bhfad ní ba luaithe ná a ceapadh cheana.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
an chathaoir ríoga - the throne
páistí garpháistí - great-grandchildren
comh-aireacht - cabinet
géarchéim fuinnimh - energy crisis
máinliacht - surgery
teascadh - amputation
Published on 2 years, 3 months ago
If you like Podbriefly.com, please consider donating to support the ongoing development.
Donate